Agus tú i mbun brabhsála ar an ngréasán, cuimhníonn Firefox ar go leor faisnéise duit - cosúil leis na suíomhanna ar thug tú cuairt orthu. D'fhéadfadh sé tarlú uaireanta, áfach, nach dteastaíonn uait go bhfeicfidh na daoine a bhfuil teacht acu ar do ríomhaire an fhaisnéis seo, mar shampla nuair a bhíonn tú ag déanamh siopadóireachta chun bronntanas a fháil. Ligeann Brabhsáil Phríobháideach duit an tIdirlíon a bhrabhsáil gan aon fhaisnéis a shábháil faoi cé na suíomhanna agus leathanaigh ar thug tú cuairt orthu.
Is cuid den Bhrabhsáil Phríobháideach é What happened to Tracking Protection?, gné a chuireann cosc ar chuideachtaí do stair bhrabhsála a rianú thar níos mó ná suíomh amháin. Chun tuilleadh eolais a fháil fao Bhrabhsáil Phríobháideach le Cosaint ar Rianú in Firefox, féach What happened to Tracking Protection?.
Is mar seo a oibríonn sé.
Clár na nÁbhar
Cén chaoi ar féidir liom Fuinneog Phríobháideach nua a oscailt?
Tá dhá bhealach ann chun Fuinneog Phríobháideach a oscailt.
Fuinneog Phríobháideach nua, bhán a oscailt
- Cliceáil ar an gcnaipe roghchláir agus ansin cliceáil ar
Nasc a oscailt i bhFuinneog Phríobháideach nua
- Right-clickHold down the Control key while you click
ar aon nasc agus roghnaigh ón roghchlár comhthéacs.
Céard nach sábháiltear sa Bhrabhsáil Phríobháideach?
- Leathanaigh ar tugadh cuairt orthu: Ní chuirfear aon leathanach le liosta na suíomhanna sa roghchlár Staire, i liosta staire Fhuinneog na leabharlainne, ná le liostaí seoltaí an Bharra Awesome (an barra seoltaí cliste).
- Iontrálacha i bhFoirmeacha agus sa Bharra Cuardaigh: Ní shábhálfar aon rud a chuirfidh tú isteach i dtéacsbhoscaí ar leathanaigh ghréasáin ná sa bharra Cuardaigh don uathlíonadh foirmeacha.
- Focail faire: Ní shábhálfar aon fhocal faire nua.
- Míreanna i Liosta na nÍosluchtuithe: Ní bheidh aon chomhad a íosluchtfaidh tú le feiceáil sa liosta i bhFuinneog na nÍosluchtuithe tar éis duit Brabhsáil Phríobháideacha a chasadh as.
- Fianáin: Úsáidtear fianáin chun faisnis a stóráil faoi shuíomhanna gréasáin a dtugann tú cuairt orthu, mar shampla sainroghanna an tsuímh, eolas faoi bheith logáilte isteach nó gan a bheith, agus sonraí a úsáideann breiseáin cosúil le Adobe Flash. Is féidir le tríú páirtithe fianáin a úsáid chun rianú a dhéanamh ort agus tú ag surfáil ó leathanach gréasáin amháin go ceann eile. Chun tuilleadh eolais a fháil faoi rianú, féach How do I turn on the Do Not Track feature?
- Inneachar Gréasáin Taiscthe agus Inneachar Gréasáin agus Sonraí Úsáideora As Líne: Ní shábhálfar comhaid shealadach Idirlín (comhaid taiscthe) ná comhaid a stórálann suíomhanna gréasáin lena n-úsáid as líne.
- Sábhálfar leabharmharcanna nua a chruthaíonn tú agus Brabhsáil Phríobháideach ar siúl.
- Sábhálfar aon chomhad a íosluchtaíonn tú chuig do ríomhaire nuair atá Brabhsáil Phríobháideach ar siúl.
- Níl Firefox Hello ar fáil sa Bhrabhsáil Phríobháideach.
An féidir liom Firefox a shocrú chun Brabhsáil Phríobháideach a úsáid i gcónaí?
Mar réamhshocrú, cuimhníonn Firefox ar an stair ach is féidir leat an socrú sin a athrú i RoghannaSainroghanna Príobháideachais Firefox (cliceáil ar roghchlár Firefox , pioc agus roghnaigh an painéal ). Má athraíonn tú an socrú Staire chuig Ná meabhraigh an stair riamh, is ionann sin agus a bheith sa mhód Brabhsála Príobháidí i gcónaí. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach Settings for privacy, browsing history and do-not-track.
Bealaí eile chun an fhaisnéis a shábhálann Firefox a rialú
- Bíonn rogha agat i gcónaí an stair brabhsála, cuardaigh agus íoslódála le déanaí a bhaint tar éis cuairt a thabhairt ar shuíomh.
- Ailt eile ar an ábhar seo a léamh: Pasfhocail, foirmeacha, cuardaigh agus stair - na moltaí a dhéanann Firefox a rialú