Firefox
Firefox
Cruthaithe:
Cuirtear leathanaigh ghréasáin ar fáil in iliomad teangacha. Roghnóidh Firefox teanga bunaithe ar liosta na dteangacha is fearr leat. Mura bhfuil leathanach ar fáil sa teanga ar bharr an liosta, dearbhálann Firefox an bhfuil sé le fáil sa chéad theanga eile ar do liosta de na teangacha is fearr leat.
Chun an teanga do roghchláir, d'fhógraí, agus do chomhéadan Firefox a athrú, féach ar Bain feidhm as Firefox i dteanga eile.
Clár na nÁbhar
Féach ar liosta na dteangacha
- Cliceáil ar an gcnaipe roghchláir , ansin pioc . .
- Sa phainéal Ginearálta, scrollaigh síos chuig 'Teanga' faoi Teanga agus cuma.
- Brúigh an cnaipe taobh le Roghnaigh an teanga is fearr leat le taispeáint leathanach chun do liosta teangacha a fheiceáil.
Cuir, bain, agus atheagraigh na teangacha
Cuir teanga leis
- Ó liosta na dteangacha thuas, roghnaigh teanga sa roghchlár Roghnaigh teanga le cur leis.
- Brúigh an cnaipe .
Bain teanga
- Roghnaigh an teanga is mian leat a bhaint as an liosta na dteangacha gníomhach.
- Brúigh an cnaipe .
Atheagraigh na teangacha
- Ó liosta na dteangacha, roghnaigh an teanga is mian leat a bhogadh.
- Brúigh na cnaipí agus chun na teangacha a shocrú san ord is mian leat.